D’imigh sí go hAlbain agus fuair sí obair i dteach sagairt in Kirkintilloch. D’fhág sí sin agus chuaigh sí ag obair leis na ‘tattie hokers’ in Ayrshire. Bhí a hathair agus scaifte mór ón bhaile ag obair ar na preátaí agus mheas sí go raibh an chraic níos fearr ag obair ina gcuideachta. Ba i mbotaí a d’fhán siad agus luí siad ar leapacha a rinne siad féin suas - na boscaí ina gcuirtí na preátaí a d’úsáidtí le leaba a dhéanamh.
00:06:50
Dhíol Mary an feirm agus d’imigh sí go Londain agus d’obair sí in Londain ar feadh deich mbliana agus phill sí na bhaile nuair a thosaigh a máthair ag éileamh.
00:02:20
Scaip a teaghlach go dtí achan chearn den domhan; An Astráil, An Nua-Shéalainn, Meiriceá, Sasana agus Albain agus tagann siad i gceann a chéile achan cheithre bliana. B’éigean daofa imeacht san am, ní raibh obair ar bith sa bhaile, thagadh siad na bhaile gach samhradh agus bhíodh uaigneas orthu arís agus iad ag imeacht.